Ach anois, go tobann, tá an Tiarna ár nDia tar éis bheith fabhrach linn; d'fhág sé fuíoll áir againn agus thug sé tearmann dúinn ina áit naofa; sin mar a thug Dia cáil solais dár súile agus cáil faoisimh ónár mbraighdeanas.
Beidh an fhaiche céad banlámh ar fad, leathchéad ar leithead, agus cúig bhanlámh ar airde; beidh a brait de línéadach mín cas agus a ceapa de chré-umha.
“Tabharfaidh tú ordú do chlann Iosrael go dtabharfaidh siad duit ola ológ ghlan fháiscthe don solas i dtreo go mbeidh lampa ann le bheith ar lasadh i gcónaí.
Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.
na brait don fhaiche, a pollaí agus a ceapa, an scáthlán do gheata na faiche, a shlabhraí agus a phionnaí; agus na gréithe go léir don tseirbhís sa taibearnacal, do Bhoth na Teagmhála;
Dearc ar Shíón, cathair ár gcuid féilte, luíodh do shúile ar Iarúsailéim, í ina háitreabh daingean, ina both nach dual di aistriú, nach stoithfear a cuaillí, nach mbrisfear a cordaí choíche.
na pollaí timpeall na faiche lena gceapa, a bpionnaí, a dtéada, agus gach a ngabhann leo. Déanaigí liosta dá n‑ainmneacha leis na hualaí a chaithfidh gach duine a iompar.