“Déanfaidh tú altóir d'adhmad sitím, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; beidh an altóir cearnógach agus beidh sí trí bhanlámh ar airde.
An altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna, thóg sé chun siúil í ó thosach an Teampaill, mar a raibh sí idir an altóir [nua] agus Teampall an Tiarna, agus chuir ar an taobh thuaidh den altóir [nua] í.
Ansin chrom Iéisiúa mac Iózádác agus a chomhshagairt Zarubáibil mac Sheailtíéil lena ghaolta, ar altóir Dhia Iosrael a atógáil, le híobairtí dóite a ofráil uirthi, faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois giolla Dé.
Ansin thóg Maois altóir agus thug sé An Tiarna Mo Bhratach uirthi, mar go ndúirt sé: 16 “Beirigí greim ar bhratach an Tiarna óir tá an Tiarna i gcogadh le hAmailéic ó ghlúin go glúin.”
Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.
Chuir sé suas altóir an uileloiscthe ag doras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála, agus d'ofráil sé uirthi an ofráil loiscthe agus an abhlann, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.
agus leagaidís air sin gréithe uile na haltóra, a úsáidtear sa tseirbhís liotúirge, mar atá na miasa tine, na gabhla, na liacha, na báisiní agus soithí uile na haltóra. Leathaidís brat de leathar mín ar an méid sin go léir agus cuiridís na cuaillí i ngreim ann.