Déanfaidh tú scáthlán do dhoras an taibearnacail, d'ábhar gorm, corcra, agus craorag, agus de linéadach cas mín, agus gréasadh snáthaide mar mhaise air.
Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé clann Iosrael amach as an Éigipt go dtí an lá inniu, ach chaith mé saol an tseachránaí agus mé i mo chónaí i mboth.
Do gheata na faiche beidh cliath fiche banlámh ar fad, í déanta d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas agus gréasadh d'obair shnáthaide ann; beidh ceithre pholla lena gceithre ceapa aici.
“Déanfaidh tú lúireach bhreithiúnais, d'obair shlachtmhar; déanfaidh tú í ar dhéantús an éafód; d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas a dhéanfaidh tú í.
Rinne sé chomh maith scáthlán do dhoras an taibearnacail, d'ábhar gorm, corcra agus craorag, agus de línéadach cas mín agus greasadh snáthaide mar mhaise air.
Bhí an chliath do gheata na faiche gréasta d'obair shnáthaide d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de líneadach mín cas; bhí sé fiche banlámh ar fad, agus, ar feadh a leithe, bhí sí cúig bhanlámh ar airde, ar aon dul le brait na faiche.
agus an crios de línéadach mín cas agus de ábhar gorm agus corcra agus craorag, maisithe le hobair shnáthaide, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
An lá a cuireadh suas an taibearnacal, chlúdaigh an néal an taibearnacal agus both na Fianaise. Ó thráthnona go maidin luigh sé ar an taibearnacal faoi chló tine.