Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 26:31

An Bíobla Naofa 1981

“Déanfaidh tú fial d'ábhar gorm, agus corcra agus craorag, agus de línéadach cas mín, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Rinne sé an fial d'éadach corcra, craorag, dearg, agus de líon mín. Ghrean sé ceiribíní air.

Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim, go gcrapa mo dheaslámh!

Do dhá cheann na cathaoireach déanfaidh tú dhá cheiribín óir; ór buailte a bheidh ina ndéantús.

agus ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, agus fionnadh gabhair,

“Déanfaidh tú an taibearnacal féin de dheich mbrat de línéadach cas mín, agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.

Crochfaidh tú é ar cheithre pollaí d'adhmad sitím arna gcumhdach d'ór, le naisc óir agus iad luite i gceithre mhoirtís airgid.

Do gheata na faiche beidh cliath fiche banlámh ar fad, í déanta d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas agus gréasadh d'obair shnáthaide ann; beidh ceithre pholla lena gceithre ceapa aici.

Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”

“Déanfaidh tú lúireach bhreithiúnais, d'obair shlachtmhar; déanfaidh tú í ar dhéantús an éafód; d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas a dhéanfaidh tú í.

an áirc lena cuaillí, cathaoir na trocaire, agus an fial a fholaíonn í;

gach bean le héirim, d'fhíodar lena lámha, agus thugadar leo a raibh fite acu d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas;

Líon sé iad le héirim chun gach sórt saothair a dhéanamh a dhéanfadh ceardaí, nó dearaí, nó bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas, nó fíodóir nó aon sórt saothraí nó dearaí oilte.”

ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, fionnadh gabhair,

Rinne sé an fial d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.

Chun an fial seo a chrochadh, rinne sé ceithre pollaí d'adhmad sitím agus chumhdaigh iad le hór; bhí a naisc d'ór, agus theilg sé ceithre mhoirtís airgid dóibh.

Shaothraigh na fir éirimiúla go léir i measc na n‑oibrithe ar an taibearnacal. Rinne sé é de dheich mbrat de línéadach cas mín, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, le ceiribíní fuaite le barr slachta orthu.

Mar pháirtí aige bhí Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán, ceardaí agus dearthóir agus bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas.

thug sé an áirc isteach sa taibearnacal, chuir an fial folaithe i bhfearas, agus d'fholaigh sé áirc na Fianaise mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Cuir ann áirc na Fianaise, agus folaigh an áirc leis an bhfial.

Fill, fill, a Shiúlamach, fill, fill, go bhfeicfimid thú. Cad d'fheicfeadh sibh sa tSiúlamach ach rince an dá fhoireann?

“Ansin maraíodh sé an pocán d'íobairt pheaca an phobail, agus tugadh sé a fhuil thar fial isteach. Déanadh sé dála fhuil an tairbh leis an bhfuil seo, agus croitheadh sé í ar chathaoir na trócaire agus os comhair na cathaoireach sin.

labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire.

Nuair a scoirtear campa téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus togaidís anuas fial an scáthláin, agus clúdaídís áirc na Fianaise leis.

Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha.

Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bhun go barr.

Réabadh brat an Teampaill ina lár.

Mar is eisean ár síocháin; is é a rinne aon bhuíon amháin den dá phobal nuair a leag sé ar lár an balla deighilte, an naimhdeas ina cholainn,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí