Agus déanfaidh tú leathchéad nasc cré-umha agus na naisc a chur sna lúba agus an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon.
Cuirfidh tú leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an gcéad sraith díobh agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an tsraith eile.
An fuíoll de bhrait na botha, leath an bhrait bhreise a bheidh fágtha, crochfar os cionn cúil an taibearnacail é.
Ceanglófar cúig bhrat le chéile, agus mar an gcéanna leis an gcúig bhrat eile.
Déanfaidh tú leathchéad nasc óir chun na brait a cheangal le chéile chun go mba aonad dlúth é an taibearnacal.”