Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 25:4

An Bíobla Naofa 1981

agus ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, agus fionnadh gabhair,

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

agus bhain Forann an fáinne dá láimh féin agus chuir ar láimh Iósaef é agus chuir fallaing de línéadach mín air agus slabhra óir timpeall a mhuiníl.

Seo é an síntiús a thógfaidh sibh uathu: ór agus airgead agus cré-umha,

agus craicne leasaithe reithe, agus craicne gabhair, agus adhmad sitím,

Bíodh acu don ghnó ór, ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas.”

“Déanfaidh siad an t‑éafód d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas fite le barr slachta.

Thug mé éadach bróidnéirithe duit, bróga leathair, filéad lín agus clóca síoda.

Ba línéadach mín ón Éigipt, ar a raibh obair bhróidnéirithe, do sheol agus do mheirge ar aon. Ba ghorm corcra do scáthbhrat ó insí Eilíseá.

Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach” (óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín).




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí