Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 25:23

An Bíobla Naofa 1981

“Déanfaidh tú mar an gcéanna bord d'adhmad sitím, dhá bhanláimh ar fad, banlámh ar leithead agus banlámh go leith ar airde.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

D'fhág Solamh na hárais go léir gan meá, mar bhí an oiread sin díobh ann; níor tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha.

Chuir Solamh na gréithe go léir a rinne sé i dTeampall an Tiarna: an altóir óir, an bord óir do bhuilíní na láithreachta;

don mheáchan óir do gach bord i gcomhair arán an taispeántais, don airgead do na boird airgid,

Rinne Solamh na gréithe go léir a bhí i dTeampall Dé: an altóir óir, na boird do bhuilíní na láithreachta,

Rinne sé deich gcinn de bhoird, agus chuir i halla an Teampaill iad, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé. Rinne sé céad babhla óir.

an bord agus a ghréithe, an coinnleoir glan lena ghréithe uile, altóir na túise,

an bord lena chuaillí agus a ghréithe agus arán na láithreachta;

altóir adhmaid, a bhí trí bhanlámh ar airde, dhá bhanlámh ar fad agus dhá bhanlámh ar leithead. Ba d'adhmad a cúinní, a bun agus a taobhanna. Dúirt sé liom: “Seo é an tábla atá os comhair an Tiarna.”

Ansin leag iad ina dhá rang, sé cinn an rang, ar an mbord glan atá i láthair an Tiarna.

Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.

Leathaidís brat craorag anuas orthu sin agus clúdaídís an t‑iomlán faoi leathar mín. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim sa bhord.

Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí