Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 25:17

An Bíobla Naofa 1981

Déanfaidh tú cathaoir thrócaire d'ór fíre; beidh sí dhá bhanláimh go leith ar a fad, agus banlámh go leith ar leithead.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Thug Dáiví ansin do Sholamh, a mhac, an plean do phóirse an Teampaill, dá fhoirgnimh, dá chistí, dá sheomraí uachtair, dá sheomraí cúil, agus don seomra i gcomhair chathaoir na trócaire;

Do dhá cheann na cathaoireach déanfaidh tú dhá cheiribín óir; ór buailte a bheidh ina ndéantús.

Cuirfidh tú cathaoir na trocaire ar bharr na háirce istigh san áit shárnaofa.

an áirc lena cuaillí, cathaoir na trocaire, agus an fial a fholaíonn í;

Rinne sé cathaoir thrócaire d'ór fíre, dhá bhanláimh go leith ar fad, agus banlámh go leith ar leithead.

Ghlac sé chuige an Fhianaise agus chuir san áirc í, chuir sé na cuaillí leis an áirc agus chuir cathaoir na trócaire ina luí ar an áirc;

Chuir mé thú i gcuideachta ceiribín ungtha choimhdeachta; bhí tú ar shliabh naofa Dé, shiúil tú i measc na n‑aibhleog dearg-the.

an té ar leag Dia amach dó a bheith in shás peacaí a ghlanadh lena chuid fola ach creideamh a bheith ann, chun fíréantacht Dé a thaispeáint agus a rá gur lig sé thairis le barr a fhoighne na seanpheacaí a bhí déanta;

Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.

Os a cionn bhí na ceiribíní glórmhara agus a sciatháin leata amach os cionn chathaoir na trócaire. Ach ní hé seo an t‑am chun miontuairisc a thabhairt ar na nithe sin.

Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí