Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 25:13

An Bíobla Naofa 1981

Déanfaidh tú cuaillí de chrann sitím agus cumhdóidh tú iad d'ór.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Bhí siad sin chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit naofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh.

D'iompair na Léivítigh áirc Dé agus a cuaillí ar a nguaillí faoi mar a d'ordaigh Maois de réir bhriathar an Tiarna.

Déanfaidh tú ceithre fháinne óir a theilgean, agus cuirfidh tú faoina ceithre cosa iad - dhá fháinne ar thaobh agus dhá fháinne ar thaobh eile.

Cuirfidh tú na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce, chun an áirc a iompar leo.

D'adhmad sitím a dhéanfaidh tú na cuaillí agus cludóidh tú iad le hór, agus is leo a iomprófar an bord.

agus craicne leasaithe reithe, agus craicne gabhair, agus adhmad sitím,

Agus déanfaidh tú cuaillí don altóir, cuaillí d'adhmad sitím agus cumhdóidh tú iad le cré-umha;

Déanfaidh tú na cuaillí d'adhmad sitím agus iad a chumhdach le hór.

Rinne sé cuaillí de chrann sitím agus chumhdaigh iad d'ór.

Ghlac sé chuige an Fhianaise agus chuir san áirc í, chuir sé na cuaillí leis an áirc agus chuir cathaoir na trócaire ina luí ar an áirc;

“Leathaidís éadach corcra ar an altóir óir agus leagaidís clúdach de leathar mín air sin. Cuiridís na cuaillí i ngreim ann ansin.

agus leagaidís air sin gréithe uile na haltóra, a úsáidtear sa tseirbhís liotúirge, mar atá na miasa tine, na gabhla, na liacha, na báisiní agus soithí uile na haltóra. Leathaidís brat de leathar mín ar an méid sin go léir agus cuiridís na cuaillí i ngreim ann.

Cuiridís brat de leathar mín anuas air seo agus leathaidís éadach lánchorcra ar an iomlán. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim san áirc.

Leathaidís brat craorag anuas orthu sin agus clúdaídís an t‑iomlán faoi leathar mín. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim sa bhord.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí