Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach d'ór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith d'adhmad céadair.
Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad, ar feadh leithead an Teampaill, agus bhí sé céad agus a fiche banlámh ar airde. Rinne sé é a chumhdach laistigh le hór fíre.
Anseo bhí altóir óir na túise agus áirc an chonartha agus í clúdaithe ar fad le hór. Istigh san áirc bhí próca óir a raibh an manna ann agus slat Árón a chuir bachlóga amach tráth agus táblaí an chonartha.