Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 24:6

An Bíobla Naofa 1981

Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.

Bhí Maois agus Árón ar líon a shagart. Bhí Samúéil orthu siúd a ghaireadh ar a ainm. Ghairidís ar an Tiarna agus d'éisteadh sé leo.

Gabhaigí craobh hiosóipe in bhur láimh, tumaigí í san fhuil atá san umar agus buailigí an fhuil ón umar ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, ná téadh duine agaibh thar dhoras a thí amach go maidin.

Ansin tógfaidh siad cuid den fhuil agus cuirfidh siad í ar dhá ursain agus ar fhardoras na dtithe ina mbíonn sé á ithe acu.

Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt: “Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.”

agus maróidh tú an reithe, baileoidh tú a chuid fola agus croithfidh tú ar an altóir thart timpeall í.

Agus déanfaidh tú an reithe a mharú agus cuid dá fhuil a thógáil agus í a chur ar mhaothán chluas dheas Árón agus ar mhaothán chluas dheas a mhac, ar ordóg a láimhe deise, ar ordóg a gcoise deise, agus an chuid eile a chroitheadh ar an altóir thart timpeall.

ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.

Maraíodh sé é ar an taobh thuaidh den altóir, i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra.

Ansin maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a ofráil. Déanfaidh siad í a dhoirteadh ar imill na haltóra atá ag doras Bhoth na Teagmhála.

Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála, agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra.

Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón an fhuil ar imill na haltóra.

Tumadh an sagart ungtha a mhéar san fhuil agus croitheadh sé cuid den fhuil seacht n‑uaire os comhair fhial an tsanctóra i láthair an Tiarna.

Mar an gcéanna tar éis na proinne thóg sé an cupa ag rá: “Is é an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola. Déanaigí é seo mar chuimhne orm a mhinice a ólfaidh sibh é.”

agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt chun athmhuintearais leis féin, agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.

agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil.

Ní bheidh sé cosúil leis an gconradh a rinne mé lena sinsir an lá úd ar rug mé ar láimh orthu chun iad a sheoladh amach as tír na hÉigipte. Ach ní raibh siad dílis don chonradh a rinne mé leo agus mar sin de thréig mé iad, a deir an Tiarna.

Sin é an fáth nach ndearnadh fiú amháin an chéad chonradh gan doirteadh fola.

Is amhlaidh a d'fhógair Maois na haitheanta go léir don phobal uile ar dtús faoi mar a bhí siad scríofa sa dlí. Ansin thóg sé fuil na laonna (agus na ngabhar) agus uisce agus chroith sé ar an Leabhar féin iad agus ar an bpobal uile le holann chraorag agus le híosóip,

Mar an gcéanna chroith sé an fhuil ar an mboth agus ar na gréithe uile a d'úsáidtí sa liotúirge.

ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim.

de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d'Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí