Bhí Sliabh Shíonái go léir faoi bhrat deataigh mar thuirling an Tiarna air i riocht tine, agus bhí an deatach ag éirí uaidh mar a dhéanfadh ó fhoirnéis agus chrith an sliabh ar fad go borb.
In airde ó chosúlacht a leasraigh bhí mar a bheadh prás ag drithliú, cosúil le tine faoi iamh mórthimpeall; agus anuas ó chosúlacht a leasraigh chonaic mé mar a bheadh tine agus drithliú mórthimpeall.
An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.
Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.
Bí deimhin de dá bhrí sin inniu gurb é an Tiarna féin, do Dhia, a rachaidh romhat, mar thine loiscneach; scriosfaidh sé iad agus cloífidh sé romhat iad; déanfaidh tú iad a dhíbirt dá bhrí sin agus a mharú gan mhoill faoi mar a gheall an Tiarna duit.