Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo” (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna).
ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre - tú féin ná do mhac, ná d'iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon.
tiocfaidh an Tiarna a chónaí i ngach uile chuid de Shliabh Shíón agus orthu siúd a thagann le chéile ann, ina néal agus ina dheatach de lá, agus d'oíche, ina chaor thine luisneach. Óir os a chionn ar fad, beidh glóir an Tiarna ina léibheann
An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint.
Agus an comhthionól go léir ag cruinniú le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón, d'fhéachadarsan i dtreo Bhoth na Teagmhála, agus b'shiud é an néal á chlúdach agus glóir an Tiarna á thaispeáint.
An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.