Thug Hágár ainm ar an Tiarna a labhair léi: “Is tú Dia na Físe,” mar ar sí, “nach áit é seo ina bhfaca-sa go dearfa chomh maith an té a fheiceann mise.”
agus d'ofráil Iacób íobairt ar an sliabh agus ghlaoigh ar a bhráithre chun an bhéile. D'itheadar an béile agus chaitheadar an oíche go léir ar an sliabh.
Scríobh sí litreacha in ainm Acháb, más ea, agus chuir sí a shéala orthu agus chuir sí iad chuig na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí san aon chathair le Nábót.
Thug sé leis na ceannairí céad, na maithe, rialtóirí an phobail agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo síos ó Theampall an Tiarna. Ghabhadar isteach sa phálás trí [stua meánach] an Gheata Uachtair, agus shuíodar an rí sa chathaoir ríoga.
Ní raibh a fhios ag na hoifigigh cár chuaigh mé ná cad a bhí ar siúl agam; ní raibh aon ní fós ráite agam leis na Giúdaigh ná na sagairt, ná na huaisle, ná na hoifigigh, ná le haon dream eile ar a mbeadh cúram na hoibre.
Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.
Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh síos agus bagair ar an bpobal gan briseadh thar teorainn ag teacht chun radharc a fháil ar an Tiarna agus go bhfaigheadh a lán acu bás.”
Dúirt sé le Maois: “Tar aníos go dtí an Tiarna, tú féin agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú, agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael agus sléachtaigí dó ó chéin.
Labhraím leis béal ar bhéal, Go soiléir gan tomhaiseanna, Agus feiceann sé cló an Tiarna. “Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?”
Ansiúd a íosfaidh sibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus a dhéanfaidh sibh lúcháir de bharr gach ar thoirbhir bhur lámha, sibh féin agus bhur muintir, faoi bheannacht an Tiarna do Dhia.