Dúirt sé le Maois: “Tar aníos go dtí an Tiarna, tú féin agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú, agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael agus sléachtaigí dó ó chéin.
“Imigh síos,” arsa an Tiarna leis, “agus tabhair aníos Árón leat ag teacht aníos arís. Ach na lig do na sagairt ná don phobal dul thar a dteorainneacha ag iarraidh teacht aníos chun an Tiarna, nó brisfidh sé orthu.”
Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo” (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna).
“Glac chugat de chlann Iosrael do dhearthair Árón agus a chlann mhac le bheith ina sagairt i mo sheirbhís - Árón agus a chlann mhac: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
Ina seasamh rompu bhí seachtó de shinsir mhuintir Iosrael agus Iázainia mac Sheáfán ina measc; a cheansa ina láimh ag gach duine acu agus néal túise ag éirí as.
Dúirt an Tiarna le Maois: “Cruinnigh dom seachtó de sheanóirí Iosrael, daoine is eol duit is sinsir ar an bpobal agus is scríobhaithe acu. Beir leat iad go Both na Teagmhála agus seasaídís ansiúd farat.
Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.
Roghnaigh mé ar an gcuma sin daoibh ceannairí treibheanna, lucht tuisceana agus taithí, agus chuir mé i gceannas oraibh iad - ceannairí mílte, ceannairí céadta, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr, agus scríobhaithe do bhur dtreibheanna.