Ná déan leatrom ar an deoraí; is aithnid duit croí an deoraí, óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte.
Maraíonn siad an bhaintreach is an strainséir, agus tugann siad ár an dílleachta.
Ach má mhaireann an duine lá nó dhó, ní chaithfidh sé aon éiric a dhíol, óir is é chuid cheannaigh é.
Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte.
Ná ciap baintreach ná dílleachta.
Tá éagóir agus slad ar siúl ag muintir na tíre; chráigh siad an bochtán agus an t‑ainniseoir agus thug drochíde don chuairteoir gan fáth.
Maslaítear an t‑athair agus an mháthair ionat; tugtar drochíde don chuairteoir, cuirtear ansmacht ar an dílleachta agus ar an mbaintreach.
Nuair a chuireann deoraí faoi faraibh in bhur ndúiche, ná cuirigí isteach air.
Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?’
Tugaigí grá don deoraí dá bhrí sin, mar ba dheoraithe sibh féin i dtír na hÉigipte.
Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír.
‘Go raibh mallacht ar an té a dhéanann cantáil ar chearta an deoraí, an dílleachta, agus na baintrí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’