Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 23:7

An Bíobla Naofa 1981

I bhfad uait aon chúis bhréagach, agus ná cuir chun báis an fíréan ionraic óir ní scaoilfidh mise saor an ciontach.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: “An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach?

Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos, Díbir an urchóid ó do bhoth,

Coinnigh mé ó shlí na hearráide, agus tabhair dom do dhlí.

Tugann siad fogha faoi anam an fhíréin, agus daorann siad an neamhchiontach chun báis.

Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.

Ná scaoil scéal bréagach. Ná tabhair lámh chúnta do dhrochdhaoine le fianaise urchóideach.

leanann sé dá bhuanghrá i leith na mílte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.”

Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.

An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh, is gráin leis an Tiarna iad araon.

An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic, agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra, a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú, a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t‑olc

Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith, a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas, a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!

Ná déanaigí goid ná calaois ná feall ar bhur gcomharsa.

Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.

Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge agus is mór í a chumhacht; Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós. Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm; is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.

D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”

Tá fearg Dé á foilsiú ó neamh in aghaidh éagráifeacht agus urchóid uile na ndaoine úd atá ag coinneáil na fírinne i ngéibheann lena gcuid urchóide.

Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.

“Má bhíonn aighneas idir daoine agus go dtéann siad chun cúirte agus go dtugann na breithiúna breith eatarthu agus a fhógairt an ceart a bheith ag an té a bhíonn sa cheart, agus an éagóir a bheith ag an té a bhíonn san éagóir,

‘Mallacht ar an té a thógann breab chun neamhchiontach a bhású.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

agus seachnaígí gach aon sórt oilc.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí