Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 23:3

An Bíobla Naofa 1981

Ná claon an bhreith ar son an bhochtáin i gcúis dlí.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ná déan éigean ar chearta aon bhochtáin libh ina chaingean.

Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach, ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.

Ná creach an bochtán mar gur bochtán é, agus ná ciap aon duine atá á bhuaireamh i ngeata na cathrach;

Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra, do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide,

Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa.

Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.

Ná déanaigí leathchuma i mbreithiúnas agus tugaigí cluas don bheag ar aon dul leis an mór; ná bíodh eagla oraibh roimh aon duine, mar is le Dia an bhreith. An chúis a bheidh ródheacair daoibh, tugaigí chugamsa í le héisteacht.”

Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.

Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí