Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 23:29

An Bíobla Naofa 1981

Ní thiomáinfidh mé amach ó do láthair iad in aon bhliain amháin d'fhonn nach ndéanfadh fásach den talamh agus go rachadh na hainmhithe allta i líonmhaire oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Beagán ar bheagán is ea a thiomáinfidh mé amach iad ó do láthair, go dté tú i líonmhaire agus i seilbh na talún.

Nuair a bheidh na ciníocha díbeartha agam romhat, agus fairsinge curtha agam le do chríocha, ní shantóidh aon duine do dhúiche, má thagann tú i láthair an Tiarna do Dhia trí huaire sa bhliain.”

Scriosfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha seo romhat de réir a chéile. Ní rithfidh leat iad a scrios d'aon iarracht le heagla go n‑éireodh na hainmhithe allta rólíonmhar duit.

Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin.

Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí