Seolfaidh mé m'uafás romhat, agus cuirfidh mé corrabhuais ar na daoine go léir a dtiocfaidh tú ina n‑aghaidh, agus cuirfidh mé do naimhde go léir ag casadh agus ag teitheadh romhat.
Mar thug an Tiarna ar na hArámaigh ina longfort fuaim carbad agus capall agus geoin armála móire a chloisteáil; agus dúradar le chéile: “Féach! rinne rí Iosrael na ríthe Hiteacha a fhostú le troid inár n‑aghaidh, agus ríthe na hÉigipte le sinn a ionsaí.”
Nuair a bheidh na ciníocha díbeartha agam romhat, agus fairsinge curtha agam le do chríocha, ní shantóidh aon duine do dhúiche, má thagann tú i láthair an Tiarna do Dhia trí huaire sa bhliain.”
Ní fhéadfaidh duine ar bith seasamh in bhur n‑aghaidh; scaipfidh an Tiarna, bhur nDia, scéin agus eagla romhaibh ar an dúiche go léir ar a leagfaidh sibh cos, faoi mar a gheall sé daoibh.
Táim ag cromadh inniu féin ar scéin agus ar eagla romhat a chur ar an uile chine faoi stua neimhe; cách a chluinfidh torann do theachta tiocfaidh critheagla agus uafás orthu romhat.’
Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.