D'ofrálaidís íobairtí túise (ar na hardionaid go léir) mar a dhéanadh na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna rompu. Rinneadar gníomhartha coiriúla agus ghriogadar an Tiarna chun feirge.
Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.
Nuair a d'fhill Amaiziá tar éis ár na nEadómach, thug sé déithe mhuintir Shaeír leis agus chuir suas iad mar dhéithe dó féin, agus chrom síos ina n‑onóir agus thug ofrálacha dóibh.
Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,
Ná déanaidís cónaí i do thír le heagla go gcuirfidís d'iallach ort peaca a dhéanamh i m'aghaidh agus go dtabharfá adhradh dá ndéithe agus go deimhin ba ghaiste duit sin.”
Ná déanaigí amhail dhéanann siad san Éigipt mar a raibh cónaí oraibh tráth; ná déanaigí amhail dhéanann siad i gCanán mar a bhfuil mé do bhur dtabhairt. Ná géilligí dá ndlíthe.
Ná déanaigí aon íola daoibh féin agus ná cuirigí aon dealbh shnoite ina seasamh, ná aon ghallán; ná cuirigí aon chloch ghreanta ina seasamh in bhur gcríocha le sléachtadh roimpi: óir is mise an Tiarna do Dhia.
ansin ní foláir daoibh an mhuintir go léir atá ina gcónaí sa tír a thiomáint amach romhaibh, agus a gclocha greanta go léir a scrios, agus a ndealbha leáite a scrios, agus a n‑áiteanna arda go léir a scartáil.
Déanaigí a n‑altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, a gcuaillí naofa a ghearradh anuas, agus íomhánna snoite a n‑íol a dhó, agus a n‑ainm a scrios ón áit sin.
Ach seo í an íde a thabharfaidh sibh orthu: scartálaigí a n‑altóirí, agus brisigí a n‑íomhánna, agus gearraigí anuas a gcuaillí naofa agus cuirigí tine lena n‑íola snoite.