Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá: “Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,
Ach d'fhreagair sé: ‘An Tiarna, a siúlaim ina fhianaise, seolfaidh sé a aingeal farat d'fhonn go n‑éireodh do bhóthar leat agus gheobhaidh tú bean do mo mhac ó mo mhuintir agus ó theach m'athar.
“An Tiarna, Dia neimhe [agus talún], thug sé mise amach ó theach m'athar agus ó thír mo chine, agus mhionnaigh dom á rá: ‘Do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo’; seolfaidh seisean a aingeal romhat amach agus gheobhaidh tú bean do mo mhac sa tír sin.
An t‑aingeal a d'fhuascail mé ó gach olc, go mbeannaí sé na buachaillí seo! Go maire mo ainmse iontu, agus ainm m'aithreacha Abrahám agus Íosác. Go dté siad i líonmhaire agus in iomadúlacht ar chlár na cruinne.”
Ansin aingeal an Tiarna a bhí ar bhéala shlua Iosrael san aistear, d'fhág sé an áit sin agus tháinig ar a gcúla; agus an colún néil a bhí rompu amach tháinig sé laistiar díobh agus d'fhan ann,
Tháinig scéin agus scanradh orthu; mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche; go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna; go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.
Nuair a rachaidh m'aingeal romhat agus tú a thabhairt isteach chun na nAmórach agus na Hiteach, na bPirizeach agus na gCanánach, na Hiveach agus na Iabúsach, scriosfaidh mé iad.
Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m'aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.”
ina dtrioblóidí go léir. Ní teachtaire ná aingeal ach é féin a scaoil saor iad. Le teann grá agus trua d'fhuascail sé féin iad; thóg sé suas agus d'iompair iad sna laethanta sin uile anallód.
Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach.
“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.
Ghlaomar chun an Tiarna; d'éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.
Las fearg an Tiarna de bharr a imeachta, agus sheas aingeal sa tslí air ar an mbealach á bhac. Bhí sé ar muin a asail agus a bheirt shearbhónta in éineacht leis.
Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.
agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.
Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.
Déanfaidh an Tiarna bhur nDia iad a thiomáint amach romhaibh, agus iad a dhíbirt ó bhur láthair, agus gheobhaidh sibh seilbh ar an talamh mar a gheall an Tiarna bhur nDia daoibh.
Nuair a bhí Iósua i ngar do Ireachó, d'ardaigh sé a shúile, chonaic fear ina sheasamh ansiúd os a chomhair, agus claíomh nocht ina láimh aige. Shiúil Iósua ina threo agus dúirt leis: “An ar ár dtaobhna atá tú, nó ar thaobh ár naimhde?”
D'fhreagair sé: “É seo eile,” ar sé, “is mé captaen arm an Tiarna. Táim ag teacht anois...” Thit Iósua ar a bhéal agus ar a fhiacla chun talún agus d'adhar é agus dúirt leis: “Cad iad orduithe mo Thiarna dá shearbhónta?”