Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 23:17

An Bíobla Naofa 1981

Trí huaire sa bhliain, caithfidh do chuid fear uile teacht i láthair an Tiarna Dia.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Is chuici suas a ghabhann na treibheanna, treibheanna an Tiarna, d'fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael, agus buíochas don Tiarna.

Faoi mar a shantaíonn an eilit na sruthanna uisce is amhlaidh a shantaíonn m'anam thusa, a Dhia.

Tá cíocras chun Dé ar m'anam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé.

Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin, feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é; líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.

Beidh féilte agat trí huaire sa bhliain i m'onóir.

Tagadh do chlann mhac uile i láthair an Tiarna Dia, Dia Iosrael, trí huaire sa bhliain.

Nuair a thagann sibh i mo láthair, cé a d'iarr oraibh urlár mo thí a shiúl?

Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile;

ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.

“Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna,

nuair a thagann Iosrael go léir i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé, léigh an dlí seo go léir i gcomhchlos Iosrael uile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí