Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 22:8

An Bíobla Naofa 1981

I gcás gach feall ar iontaoibh, maidir le damh nó asal nó caora, nó éadach, nó aon ní a fuarthas caillte dá nduradh faoi ‘seo é’, tagadh cúis na beirte os comhair Dé; an té ar a dtabharfaidh Dia daorbhreith, caithfidh sé dúbailt a íoc leis an duine eile.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Agus éist le hachainí do shearbhónta agus do phobail Iosrael nuair a ghuífidh siad i dtreo na háite seo. Sea éist i d'áras ar neamh, agus nuair a chloisfidh tú, tabhair maithiúnas!

Bhí ceithre mhíle fichead díobhsan i bhfeighil sheirbhís theach an Tiarna; ba scríobhaithe agus breithiúna sé mhíle díobh;

Salm Ásáf. 1 Éiríonn Dia sa chomhthionól diaga a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe.

Ansin tabharfaidh a mhaistir chun Dé é, á threorú chun an dorais nó na tairsí. Cuirfidh a mháistir poll ina chluais le meana, agus beidh sé ag fónamh dó lena shaol.

Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.

Má chuireann duine asal nó damh nó caora nó aon ainmhí faoi chúram duine eile, agus go bhfaigheann sé bás nó go leontar é nó go bhfuadaítear, gan finné,

“Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí