Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 22:4

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chuireann duine a stoc ar féarach i bpáirc nó i bhfíonghort, nó go ligeann sé dá ainmhithe fosaíocht i bpáirc duine eile, déanadh sé cúiteamh [ar son an fhéaraigh a hitheadh den pháirc. Ach má cheadaigh sé an pháirc go léir a ithe, déanadh sé cuiteamh] de réir an toraidh is fearr a bhí riamh ar pháirc nó ar fhíonghort an duine ar a ndearna sé an éagoir.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

An té a fhuadaíonn fear - cibé acu a dhíolann sé é nó go bhfaightear ina sheilbh é - ní foláir é chur chun báis.

Má ghabhtar gadaí ag briseadh isteach, agus go mbuailtear buille marfach air, ní bheidh aon éiric fola ann dó;

Nuair a leathann tine agus go gcuireann sí driseacha faoi bharr lasrach agus go ndónn sí stácaí arbhair nó an t‑arbhar ina sheasamh, an té is cúis leis an tine, déanadh sé cúiteamh iomlán.

Mura mbeirtear ar an ngadaí, caithfidh úinéir an tí mionn a thabhairt i láthair Dé nár leag sé lámh ar mhaoin a chomharsan.

Má chuireann duine asal nó damh nó caora nó aon ainmhí faoi chúram duine eile, agus go bhfaigheann sé bás nó go leontar é nó go bhfuadaítear, gan finné,

Ach, má bheirtear air, ní foláir dó cúiteamh faoi seacht, agus maoin a thí go léir a thabhairt suas.

“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”

Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”

nó aon ní a dtug sé mionn éithigh ina thaobh; ní foláir dó an mhaoin bhunaidh go léir a chúiteamh, agus an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis léi, agus an t‑iomlán sin a aisíoc don té ar leis é ar lá a íobairt chúitimh.

Díolaigí an comhar léi; cúitígí a hoibreacha faoi dhó léi. An cupán a mheasc sí [do dhaoine eile], meascaigí dise é le dúbailt tomhais.

Dúirt sé leo: “Nach finné é an Tiarna in bhur n‑aghaidh, agus nach finné é a ungthach inniu nach bhfuair sibh aon ní ar chúl mo ghlaice?” “Sea, is finné é,” ar siad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí