Nuair a bheidh siad ocht lá d'aois caithfear timpeallghearradh a dhéanamh ar gach gin mhic ó ghlúin go glúin, cibé acu a bhéarfar i do theach iad nó a cheannófar iad ó choigríoch nach de do shíolsa.
Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”
Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.
Aon dúchasach nó deoraí a itheann ainmhí a fuair bás uaidh féin nó a stoll ainmhithe allta, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce; beidh sé neamhghlan go nóin; ansin beidh sé glan.
“Lao, uan, nó meannán, fanadh sé seacht lá lena mháthair tar éis a bhreithe. Ón ochtú lá amach, beidh sé inghlactha mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
Saill ainmhí a gheobhaidh bás uaidh féin, nó saill ainmhí a stollfaidh ainmhithe allta, ní miste daoibh feidhm ar bith eile a bhaint aisti, ach ní ceadmhach daoibh féin í a ithe.
“Ná hithigí aon ainmhí a fuair bás uaidh féin. Tabhair é mar bhia don deoraí atá ag cur faoi i do bhailte, nó díol é le coimhthíoch: óir is pobal naofa thú don Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i mbainne a mháthar.
“Gach céadghin fhireann de do tháin agus do do thréad, déan é a choisreacan don Tiarna do Dhia; ná leag aon obair ar chéadghin do thána, agus ná bearr céadghin do thréada.