Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá.
A luaithe a fógraíodh an t‑ordú os ard chruinnigh na hIosraelaigh céadtorthaí an arbhair, an fhíona, na hola, na meala, agus thorthaí na talún, agus thug siad isteach deachúna de gach ní go fial.
Ceiliúir féile an tslimaráin; ith arán slim, mar a d'aithin mé duit, ar feadh seacht lá ag an am a ceapadh i mí Áibíb, óir is sa mhí sin a tháinig tú as an Éigipt. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan ní éigin ina láimh.
Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair - nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt - agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt.
Céadghin asail, fuascail é le huan, nó mura bhfuasclaíonn tú, bris a mhuineál. Fuascail gach céadghin ar do mhic. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan rud aige.”
Óir, ar mo shliabh naofa, ar shliabh ard Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn - riarfaidh muintir Iosrael go léir orm, gach duine acu atá sa tír. Fáilteoidh mé romhaibh ansin agus beidh mé ag súil le bhur mbronntanais, le togha bhur dtíolacthaí agus bhur n‑íobairtí naofa go léir.
“Lao, uan, nó meannán, fanadh sé seacht lá lena mháthair tar éis a bhreithe. Ón ochtú lá amach, beidh sé inghlactha mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
Mo léan! Táimse mar a bheinn dá mbeadh na torthaí bailithe agus fómhar na bhfíniúna thart; níl caor ar bith le hithe agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu níl ceann díobh ar fáil níos mó.
Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn, agus go mbeidh ár gcorp fuascailte.
“Gach céadghin fhireann de do tháin agus do do thréad, déan é a choisreacan don Tiarna do Dhia; ná leag aon obair ar chéadghin do thána, agus ná bearr céadghin do thréada.