Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 22:24

An Bíobla Naofa 1981

Má thugann tú iasacht airgid d'aon bhochtán de mo phobal le d'ais, ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Rinne mé mo mhachnamh ar an scéal agus ansin chuir mé ceartú ar na huachtaráin agus ar na feidhmeannaigh á rá: “Cad é ualach atá á chur ag gach duine agaibh ar a bhráthair!” Ghairm mé comhthionól mór le chéile le plé leo.

Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm, Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.

óir tá béal na n‑éagráifeach agus na bhfealltach ar leathadh i m'aghaidh.

Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair; agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach.

nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht, ‘s nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh. An té a dhéanfaidh amhlaidh ní bhainfear dá threoir é go brách.

Go ndalltar a súile ionas nach bhfeice siad; go raibh crith cos is lámh orthu go brách.

A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrach rinneadh staic de charbaid agus d'eachra.

Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge; cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile?

Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n‑ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.

Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta; tabhair suas iad do bhéal an chlaímh. Go raibh a mná céile gan sliocht, go bhfágtar ina mbaintreacha iad. Go n‑éaga a bhfir den phlá; go dtite a n‑ógánaigh leis an gclaíomh sa chath.

Dílleachtaí is ea sinn de cheal athar; baintreacha is ea ár máithreacha.

Má éiríonn do bhráthair atá farat dealbh, agus nach féidir leis é féin a chothú farat, ní foláir duit é a chothú mar a dhéanfá deoraí nó aoi, agus maireadh sé fós farat.

Ná héiligh ús ná ioncamas uaidh; bíodh eagla do Dhé ort agus lig do do dheartháir maireachtáil farat.

Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.

Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n‑ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.”

Ní miste duit ús a éileamh ar iasacht do choimhthíoch, ach ná héiligh ús ar iasacht do do dheartháir, i dtreo go gcuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i ngach a ndáileann do lámh sa tír atá tú le dul isteach ann agus a shealbhú.

Má thugann tú móid don Tiarna do Dhia ná bí mall á comhlíonadh, óir éileoidh an Tiarna do Dhia ort í go cinnte, agus ba pheaca í a dhiúltú.

Is uafásach an rud é titim i lámha Dé bheo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí