Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 22:2

An Bíobla Naofa 1981

más tar éis bhreacadh an lae é, beidh éiric ann dó. Ach tá cúiteamh iomlán le déanamh, agus mura bhfuil aon mhaoin aige, ní foláir é a dhíol d'fhonn íoc as ar ghoid sé.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Éiríonn an dunmharfóir roimh lá, Leis an mbocht agus an dealbh a mharú. Téann an gadaí timpeall san oíche,

Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas. Sa lá téann siad i bhfolach; Ní eol dóibh siúd an solas.

Tiomáineadh ó chomhluadar daoine iad; Tógadh liú ina n‑aghaidh dála an ghadaí;

go léiríonn do lámha lorg fola na neamhchiontach. Agus ní i gcionn tochailte a rug tú orthu siúd! Ach freagróidh tú astu seo uile go cinnte.

Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas, nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire. Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad; bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe, agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.

Ionsaíonn siad an chathair, ritheann siad ar an mballa, dreapann siad suas ar na tithe agus déanann siad a mbealach isteach trí na fuinneoga ar nós gadaithe.

agus go bhfaigheann an díoltach fola greim air lasmuigh de theorainneacha a chathrach tearmainn, ní cás don díoltach é a mharú gan cion a fhola air.

“Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb'eol don fhear tí cén t‑am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh.

Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna.

Nár lige Dia go bhfulaingeodh aon duine agaibh pionós mar dhúnmharfóir, mar ghadaí, mar choirpeach, nó mar ladhrálaí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí