Rinne Abrahám an margadh ar bhreith béil Eafrón, agus thomhais Abrahám d'Eafrón an tsuim airgid a luaigh sé i gcomhchlos chlann Héat, ceithre chéad seicil airgid is é sin, de réir an tomhais a chleacht na ceannaithe.
Ansin dúirt Léá: “Bhronn Dia spré mhaith orm. Tabharfaidh m'fhear onóir dom anois mar gur rugas seisear mac dó.” Thug sí Zabúlun mar ainm air dá réir sin.
Má théann duine i muinín spioraid na marbh nó na ndraíodóirí, a dhéanamh striapachais ag géilleadh dóibh, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.
Ná faightear choíche in bhur measc aon duine a sheolann a mhac nó a iníon tríd an tine, ná aon duine a chleachtann fáistine, ná astralaí, ná ágar, ná draíodóir,
ansin tugadh an fear a luigh léi leathchéad seicil airgid d'athair na mná óige agus bíodh sí mar bhean aige mar gur thruailligh sé í agus ní féidir dó í a chur uaidh lena shaol.
D'fhreagair Sól: “Abraigí le Dáiví: ‘Níl de spré ón rí ach céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach mar dhíoltas ar naimhde an rí.’ ” Bhí Sól á bheartú go dtitfeadh Dáiví le láimh an bhFilistíneach.
Bhí Samúéil tar éis bháis, agus chaoin Iosrael go léir é agus d'adhlacadar é i Rámá, a chathair féin. Bhí na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha ag Sól as an tír.