Má bhíonn ainmhí ar iasacht ag duine ó dhuine eile, agus go leontar é nó go bhfaigheann sé bás gan an t‑úinéir i láthair, caithfidh an duine eile cúiteamh iomlán a dhéanamh.
Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”
Mar seo a deir an Tiarna: Mar a sciobann an t‑aoire ó bhéal an leoin dhá chois nó leadhb de chluais, is mar sin a fhuasclófar clann Iosrael a chónaíonn sa tSamáir, agus gan ach cnaiste leapa nó trasnán de chathaoir thoilg slánaithe acu.
Cá bhfuil pluais na leon, uachais na leon óg? Nuair a d'imíodh an leon amach, d'fhanadh an leon baineann agus na coileáin istigh agus ní chuirfí isteach orthu,