Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 21:8

An Bíobla Naofa 1981

Mura dtaitníonn sí lena máistir a d'áirithigh dó féin í, ansin ligfidh sé í a fhuascailt; ní bheidh aon cheart aige í a dhíol le pobal deoranta, mar go raibh sé mídhílis di.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Tuigeadh dó dá bhrí sin nár thaitin mná na gCanánach le hÍosác a athair,

Is fealltach iad mo chairde mar an tuile, Mar leaba na dtuilte a ghabh thart;

Má dhíolann fear a iníon mar dhaoirseach, ní imeoidh sí saor dala an daoir fir.

Más dá mhac a d'áirithigh sé í, cuirfidh sé cóir iníne uirthi.

Ansin dúirt Maois: “Seo mé ar mo shlí amach uait, agus guífidh mé chun an Tiarna go n‑imeoidh na saithí míoltóg ó Fhorann agus óna shearbhóntaí agus óna phobal amárach; ach ná himríodh Forann cealg arís agus gan ligean don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”

agus nuair a bhánóidh mé an talamh in éiric a mídhílseachta - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

An bhfuil aon duine anseo geallta le bean ach gan í tugtha leis aige? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhéarfadh leis í.’

Dúirt a athair agus a mháthair leis: “An bhfuil aon bhean ar iníonacha do ghaolta, nó do chine go léir, a rá is go gcaitheann tú dul agus bean a fhail i measc na bhFilistíneach gan timpeallghearradh?” D'fhreagair Samsón a athair: “Faigh í seo dom, faigh sin! Mar taitníonn sí go mór liom.”

más le dea-intinn agus le hionracas a phléigh sibh inniu le Iarubál, agus lena chlann, a deirim, gur chúis lúcháire agaibh é Aibímeilic, agus sibhse aigesean.

Tháinig cuthach ar Shól agus ghoill an chaint sin air. Agus dúirt sé: “Chuir siad na deicheanna de mhílte i leith Dháiví agus níor chuir siad i mo leithse ach na mílte. Níl de dhíth air anois ach an ríocht.”

Níor thaitin sé le Samúéil go ndúirt siad: “Tabhair rí dúinn chun sinn a rialú,” agus ghuigh sé chun an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí