Má thugann a mháistir bean dó agus go mbronnann sí clann mhac agus iníonacha air, bainfidh an bhean agus an chlann leis an máistir, agus imeoidh sé leis féin amháin.
Dúirt Sáraí le hAbrám: “Féach, níor lig Dia dom clann a iompar. Gabh isteach dá bhrí sin chun m'ionailte; b'fhéidir go bhfaighinn clann tríthi.” Thug Abrám cluas do ghlór Sháraí.
Ní foláir iad a thimpeallghearradh, iad siúd a bhéarfar i do theach, agus iad siúd a cheannófar le d'airgead. Beidh mo Chonradh in bhur bhfeoil mar chonradh síoraí.