Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 21:33

An Bíobla Naofa 1981

Má fhagann duine poll ar oscailt, nó má osclaíonn duine poll agus gan clúid a chur air, agus go dtiteann damh nó asal ann,

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Thochail na huaibhrigh claiseanna dom, in aghaidh do dhlí.

d'fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir ag doirse iníne Síón agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.

Más i ndaor nó i ndaoirseach a chuireann an damh adharc, íocadh an t‑úinéir tríocha seicil lena máistir agus gabhtar de chlocha sa damh.

déanadh úinéir an phoill cúiteamh. Tugadh sé airgead don úinéir, agus bíodh an conablach aige féin.

An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilc titfidh sé isteach ina chuithe féin. Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais.

An té a dhéanann poll, tharlódh go dtitfeadh sé féin isteach ann; an té a leagann fál, thiocfadh dó go mbainfeadh nathair greim as.

Ar chuí ceart a chúiteamh le holc? (Mar tá siad ag tochailt poill do m'anam.) Cuimhnigh gur sheas mé i d'fhianaise ag labhairt ar a son, le go n‑iompóinn d'fhearg uathu.

Go gcluintear scread maidine as a dtithe nuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu. Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse; d'fholaigh siad líonta do mo chosa.

An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; anam ar anam.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí