Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 21:26

An Bíobla Naofa 1981

Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach sa tsúil, agus í a chur ó mhaith, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na súile.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

agus cé gur d'aon mhianach ar bhfeoilne agus feoil ar mbráithre, agus go bhfuil ár gclann-na chomh maith lena gclannsan, caithfimidne ár mic agus ár n‑iníonacha a reic mar dhaoir; rinneadh cuid dár n‑iníonacha a éigniú! Ach níl breith againn ar aon leigheas a chur ar an scéal, mar tá daoine eile anois i seilbh ár dtailte agus ár bhfíonghort agus ár maoine.”

Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh. Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir, is tú a thugann cúnamh don dílleachta.

a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d'fhulaing éigean ionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta.

Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón: foilsígí a éachtaí do na náisiúin;

Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach, agus go bhfaigheann an duine bás faoina láimh, caithfidh sé an éiric a dhíol.

súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois,

do ar dhó, goin ar ghoin, buille ar bhuille.

Má bhaineann sé fiacail as a dhaor nó as a dhaoirseach, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na fiacaile.

Agus sibhse, a mháistrí, déanaigíse mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibhse agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile

Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.

A mháistrí, caithigí go cóir cothrom le bhur ndaoir. Bíodh a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibh féin ar neamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí