Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 21:17

An Bíobla Naofa 1981

An té a chuireann mallacht ar a athair nó ar a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.

Má bhíonn aighneas idir daoine agus go mbuaileann fear fear eile le cloch nó lena dhorn, agus nach bhfaigheann an fear sin bás, ach go dtugann sé an leaba air féin,

Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.

Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n‑athair, agus nach gcuireann beannacht ar a máthair.

An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í.

“Má bhíonn mac ceanndána nó easumhal ag duine, gan aird aige ar ghuth athar ná máthar, agus nach dtógann aon cheann dóibh fiú nuair a chuireann siad pionós air,

Ansin déanadh a chomhchathróirí go léir é a chur chun báis de chlocha; déanaigí an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur lár. Cluinfidh Iosrael uile faoi seo, agus beidh scanradh orthu.

‘Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí