Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 20:4

An Bíobla Naofa 1981

Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh.

Féach an chaibidil Cóip

41 Tagairtí Cros  

Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.”

D'adhradar íola cé go ndúirt an Tiarna leo: “Ná déanaigí amhlaidh.”

An íomhá ghreanta d'íol a rinne sé, chuir sé suas í sa Teampall a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, is ea a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm go brách.

Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe; chuir siad éad air lena ndealbha snoite.

Go raibh náire ar lucht adhartha na n‑íomhánna, a bhíonn ag maíomh as a n‑íola gan tairbhe; umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.

Ní dhéanfaidh sibh déithe airgid ná déithe óir le cur ina seasamh le mo thaobh, ná ní dhéanfaidh sibh a leithéid daoibh féin.

Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: “Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.”

Dúradar liom: ‘Déan dia dúinn le gabháil romhainn amach; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.’

Ghlac seisean an t‑ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. “Seo é do dhia, a Iosrael,” ar siad de liú, “a thug thú amach as tír na hÉigipte!”

Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d'ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d'adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’ ”

Ná déan déithe duit féin as miotal leáite.

Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu, iad siúd a bhfuil a muinín in íola, iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo: “Sibhse ár ndéithe.”

Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m'onóir leis na híola.

An dream a thug do dhúshlán, beidh mearbhall agus ceann faoi orthu; imeoidh siad leo faoi náire, lucht déanta na n‑íol.

Dúirt mé leo: Caithigí uaibh uafáis a mheallann súile an uile dhuine agaibh agus ná truailligí sibh féin le híola na hÉigipte; is mise an Tiarna bhur nDia.

D'imigh mé isteach agus dhearc; bhí péisteanna agus ainmhithe míofara de gach sórt, agus íola uile mhuintir Iosrael línithe ar an mballa máguaird.

Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.

Ná hiompaígí chun na n‑íol, agus ná dealbhaigí déithe de mhiotal. Mise an Tiarna bhur nDia.

Ná déanaigí aon íola daoibh féin agus ná cuirigí aon dealbh shnoite ina seasamh, ná aon ghallán; ná cuirigí aon chloch ghreanta ina seasamh in bhur gcríocha le sléachtadh roimpi: óir is mise an Tiarna do Dhia.

Labhraím leis béal ar bhéal, Go soiléir gan tomhaiseanna, Agus feiceann sé cló an Tiarna. “Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?”

“Ós de shliocht Dé sinn, más ea, ní ceart dúinn a mheas gur cosúil a nádúr diaga le hór nó le hairgead nó le cloch, le híomhá a ghreanfaí trí ealaín agus trí éirim an duine.

mhalartaigh siad glóir an Dé neamhbhásmhair ar íomhánna a raibh cló an duine bhásmhair orthu nó cló éanlaithe nó ainmhithe nó péisteanna.

agus ná cuir suas aon ghallán, rud is fuath leis an Tiarna do Dhia.

‘Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite - rud is gráin leis an Tiarna - obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh.

Agus d'imigh an chéad aingeal agus dhoirt sé a shoitheach ar an talamh; agus tháinig drochneascóid nimhneach ar na daoine ar a raibh marc an bheithígh agus a shléachtadh le hómós dá dhealbh.

Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil.

fógraím go sollúnta go ndéanfaidh mé an t‑airgead seo a choisreacan de mo dheoin don Tiarna chun íomhá ghreanta (agus íol de mhiotal leáite) a dhéanamh - tá an t‑airgead geal sin agamsa; mise an té a thóg é; tugaim ar ais anois duit é.” D'fhreagair a mháthair: “Go mbeannaí an Tiarna mo mhac!” agus thug Míceáhú an t‑aon chéad déag seicil ar ais di.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí