Bhuail scéin is critheagla an pobal go léir leis na toirneacha, agus na tintreacha, agus glór an trumpa, agus deatach an tsléibhe agus sheasadar i bhfad siar.
Tar éis don ghrian dul faoi dá bhrí sin agus gur thit an dorchadas, chonacthas foirnéis dheataigh tine agus lóchrann ar lasadh ag gabháil idir na codanna roinnte úd.
Sin é a d'iarr tú féin ar an Tiarna do Dhia ag Horaeb, lá an Tionóil. ‘Ná lig dom guth an Tiarna mo Dhia a chlos arís,’ arsa tú, ‘ná an tine mhór seo a fheiceáil a thuilleadh, le heagla go bhfaighinn bás.’
“Nuair a chuala sibh an glór seo ag teacht as an dorchadas, agus an sliabh go léir trí thine, tháinig sibh chugam, ceannairí bhur dtreibheanna agus bhur seanóirí,
Cén fáth go bhfaighimis bás anois? Óir loiscfidh an tine mhór seo sinn; má chloisimid glór an Tiarna ár nDia an dara huair ní baol ná go dtitfidh an t‑anam asainn.
Druidse leis, dá bhrí sin, agus éist lena bhfuil le rá ag an Tiarna ár nDia, agus inis dúinne gach a ndéarfaidh an Tiarna ár nDia leat; éistfimid leis agus déanfaimid dá réir.’
agus sheas mise lena linn sin ar fad idir an Tiarna agus sibhse chun briathar an Tiarna a fhógairt daoibh, óir bhí eagla na tine oraibh, agus ní dheachaigh sibh suas faoin sliabh. Dúirt sé: