A Thiarna tabhair cluas d'urnaí do shearbhónta agus d'urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d'ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.
Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”
Agus tháinig iníon Fhorainn anuas chun í féin a fholcadh san abhainn agus bhí a hionailtí ag spaisteoireacht ar bhruach na habhann. Chonaic sí an cléibhín i measc na n‑eileastram agus chuir sí a hionailt ag triall air.
go ligfeadh gach uile dhuine a sclabhaithe uaidh, idir fhir agus mhná, má ba Eabhraigh iad, ionas nach gcoinneodh Giúdach ar bith a dheartháir i ndaoirse.
Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.