Agus anois bhí mórsheisear iníonacha ag sagart Mhidián agus thángadar agus tharraingíodar uisce agus líonadar na humair chun uisce a thabhairt do thréad a n‑athar.
Um tráthnóna, faoin am go dtagann na mná amach ag triall ar uisce, chuir sé na camaill ina luí ar a nglúine ag an tobar fíoruisce lasmuigh den chathair.
D'fhéach sé agus ba shiúd tobar sna bánta agus trí thréad caorach ina luí lena ais, mar ba as an tobar sin a thugtaí uisce do na caoirigh. Cloch mhór a ba ea í siúd a bhí ar bhéal an tobair.
Agus thug Forann Zafanat Panaech mar ainm ar Iósaef, agus thug sé Ásanat, iníon Phóitífeara sagart On, mar bhean dó. Ghabh Iósaef amach ar fud críocha uile na hÉigipte.
Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.
Ag gabháil an chnoic suas dóibh, go dtí an chathair, casadh orthu cailíní óga a bhí ag dul amach ag tarraingt uisce, agus dúradar: “An bhfuil fear na bhfíseanna anseo?”