Nuair a bhí Maois ina fhear chuaigh sé ar thuairisc a mhuintire lá agus chonaic sé cad é cruatan a bhí á fhulaingt acu; agus chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir.
Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.
Agus na maoir a cheap na saoistí saothair os cionn chlann Iosrael, sciúrsáladh iad agus fiafraíodh díobh: “Cén fáth nach bhfuil líon bhur dtasc de bhrící déanta agaibh inné ná inniu mar a bhíodh cheana?”
Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.
Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.
An troscadh is áil liom, nach é seo é? dar briathar an Tiarna Dia: Geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an ceangal a bhaint den chuing; an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach, an uile chuing a bhriseadh;
“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;