Agus d'fhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, “mar,” ar sí, “gur tharraing mé as an uisce é.”
Agus dúirt aingeal an Tiarna léi: “Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac, agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air, mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.
Anois an bheirt mhac a rugadh duit i dtír na hÉigipte sula dtáinig mise chugat san Éigipt, is liomsa iad; beidh Eafráim agus Manaise agam mar mhic ar aon dul le Reúbaen agus Simeon.
Agus dúirt iníon Fhorainn léi: “Beir leat an leanbh seo, agus oil dom é, agus ní fhágfaidh mé gan do thuarastal thú.” Thóg an bhean an leanbh agus d'oil.
Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.