Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 19:6

An Bíobla Naofa 1981

Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’ Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

37 Tagairtí Cros  

Tá do shearbhónta i measc an phobail seo atá tofa agat, pobal atá chomh hiomadúil sin nach féidir a líon a áireamh ná a mheas.

a “Bíodh do shúile ar leathadh i gcónaí d'impí do shearbhónta agus do phobail Iosrael, agus tabhair cluas dóibh i gcónaí nuair a ghlaofaidh siad ort.

De do phobal Iosrael rinne tú do phobal féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá i do Dhia acu feasta.

rinneadh sanctóir an Tiarna de Iúdá, agus tharla Iosrael ina ríocht aige.

Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”

“Déanfaidh tú lann d'ór fíre agus ‘Naofa don Tiarna’ a ghreanadh uirthi mar a ghreanfaí ar shéala.

Mar is luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort. Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d'ionad, agus ciníocha in éiric d'anama.

Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé. Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh agus a maoin ar fad faoi réir agaibh.

Gairfear dóibh Pobal Naofa, Cion Fuascailte an Tiarna, agus duit féin a mbíonn síorthriall ort Cathair nach dtréigtear.”

Agus cuid acu, déanfaidh mé sagairt agus Léivítigh díobh dom féin, a deir an Tiarna.

Óir díreach mar a theannann an crios le com duine, is mar sin ba rún domsa teach Iúdá uile a theannadh liomsa - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidís ina bpobal agam, ina nglóir, ina n‑onóir, ina moladh agam. Ach níor éist siad.’

Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair; Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as; tháinig an anachain orthu, is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”

Is mar seo a d'ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh.

“Labhair le comhthionól chlann Iosrael go léir agus abair leo: Bigí naofa, óir táimse, an Tiarna bhur nDia, naofa.

Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo.

Bígí naofa domsa, óir is naofa mise, an Tiarna, agus chuir mé i leataobh sibh ó na ciníocha le go mba liomsa sibh.

ach ná tagadh sé i ngar don fhial agus ná druideadh sé leis an altóir mar go bhfuil iomard air; ná truaillíodh sé na nithe naofa agam; óir is mise an Tiarna a naomhaigh iad.”

Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.

Is ann fós don chonradh a rinne mé libh nuair a tháinig sibh amach as an Éigipt agus tá mo spiorad in bhur measc. Ná bíodh aon eagla oraibh!’

Chruinníodar seo le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón agus dúradar leo: “Tá sibh dulta thar fóir! Tá an comhthionól go léir coisricthe, gach duine riamh díobh, agus maireann an Tiarna ina gcoimhdeacht. Cad ab áil libh dá bhrí sin do bhur gcur féin os cionn chomhthionól an Tiarna?”

Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n‑íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n‑adhradh spioradálta.

Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé - agus is sibhse an teampall sin.

“Ná hithigí aon ainmhí a fuair bás uaidh féin. Tabhair é mar bhia don deoraí atá ag cur faoi i do bhailte, nó díol é le coimhthíoch: óir is pobal naofa thú don Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i mbainne a mháthar.

agus go gcuirfidh sé thú os cionn na náisiún uile a rinne sé chun molta agus clú agus onóra; agus go mbeidh tusa i do phobal coisricthe don Tiarna faoi mar a gheall sé.”

“Buanóidh an Tiarna thú i do phobal coisricthe dó féin, faoi mar a mhionnaigh sé duit, má choimeádann tú aitheanta an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí.

Óir is pobal tú atá coisricthe don Tiarna do Dhia; is tú a thogh an Tiarna do Dhia as na ciníocha uile ar chlár na cruinne le bheith i do phobal ar leith aige féin.

Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile.

agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.

Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.

agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen.

Is beannaithe agus is naofa an té atá páirteach sa chéad aiséirí. Ní bhaineann cumhacht an dara báis leo, ach beidh siad mar shagairt le Dia agus le Críost agus rialóidh míle bliain fairis.

agus rinne tú díobh ríocht agus sagairt dár nDia, agus rialóidh siad ar talamh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí