Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 19:24

An Bíobla Naofa 1981

“Imigh síos,” arsa an Tiarna leis, “agus tabhair aníos Árón leat ag teacht aníos arís. Ach na lig do na sagairt ná don phobal dul thar a dteorainneacha ag iarraidh teacht aníos chun an Tiarna, nó brisfidh sé orthu.”

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Nuair a thángadar chomh fada le hurlár buailte na Bunsaí, shín Uzá a lámh uaidh amach le greim a bhreith ar an áirc mar go raibh na daimh ag tuisliú.

Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall á rá: ‘Seachnaígí agus ná téigí faoin sliabh suas ná baint lena theorainn; aon neach a bhainfidh leis an sliabh, cuirfear chun báis é.

Chuaigh Maois síos chun an phobail dá bhrí sin agus labhair sé leo.

Dúirt sé le Maois: “Tar aníos go dtí an Tiarna, tú féin agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú, agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael agus sléachtaigí dó ó chéin.

Ansin ghabh Maois suas, agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael,

Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.

Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í.

“Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.

“Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.

Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois, ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.

Go deimhin déanann an dlí fearg a chothú, mar an áit nach mbíonn dlí ní bhíonn briseadh dlí ann ach oiread.

Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idirghabhálaí.

ach dhaingnigh an scrioptúr an uile ní faoi ghlas an pheaca, ar shlí go dtabharfaí ar gealladh do chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh sin.

Óir tine loiscneach is ea ár nDia.

Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí