Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 19:20

An Bíobla Naofa 1981

Agus thuirling an Tiarna ar Shliabh Shíonái, ar mhullach an tsléibhe. Ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois go mullach an tsléibhe agus suas le Maois.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún.

Tháinig tú anuas ar Chnoc Shíonái, Agus labhair tú leo ó na flaithis. Thug tú dóibh treoracha córa, Dlíthe cinnte, Reachtanna agus aitheanta maithe.

Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé: “Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualach agus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh.

agus bídís ullamh i gcomhair an tríú lá. Óir ar an tríú lá tiocfaidh an Tiarna anuas ar Shliabh Shíonái os comhair an phobail go léir.

Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael:

Ansin ghabh Maois faoin sliabh suas agus chlúdaigh an néal an sliabh.

Isteach i gceartlár an néil le Maois. Ghabh Maois an sliabh suas agus d'fhan ann daichead lá agus daichead oíche.

Bí ullamh faoi mhaidin agus tar aníos go Sliabh Shíonái le breacadh an lae; bí i láthair ansiúd fá mo choinne ar bharr an tsléibhe.

Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dó.

Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.

Ghabh mé suas faoin sliabh chun na cláir chloiche, cláir an chonartha a bhí an Tiarna a dhéanamh libh, a fháil. D'fhan mé daichead lá agus daichead oíche ar an sliabh, gan greim bia a ithe nó bolgam uisce a ól.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí