Bhog comhthionól uile chlann Iosrael leo ar aghaidh óna gcampa i bhfásach Shín, céim ar chéim de réir mar d'ordaigh an Tiarna; shuíodar a gcampa i Reifídím, áit nach raibh aon uisce le hól ag an bpobal.
“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”
Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái, i mBoth na Teagmhála, ar an gcéad lá den dara mí sa dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:
Sin é an fear a bhí leis an bpobal san fhásach i gcuideachta an aingil a labhair leis ar Shliabh Shíonái, agus i gcuideachta ár sinsear, agus a fuair briathra beo le tabhairt dúinne.
Tá fáthchiall leis an méid sin: seasann an bheirt bhan sin don dá chonradh. Bean amháin acu, is é sin le rá, Hágár, a rug a leanbh i ndaoirse, seasann sí sin don chonradh a tugadh ar Shliabh Shíonái -