Bhí Sliabh Shíonái go léir faoi bhrat deataigh mar thuirling an Tiarna air i riocht tine, agus bhí an deatach ag éirí uaidh mar a dhéanfadh ó fhoirnéis agus chrith an sliabh ar fad go borb.
Tar éis don ghrian dul faoi dá bhrí sin agus gur thit an dorchadas, chonacthas foirnéis dheataigh tine agus lóchrann ar lasadh ag gabháil idir na codanna roinnte úd.
D'fhéach sé uaidh síos i dtreo Shodom agus Gomorá agus an ghleanna mar a rith sé, agus chonaic sé an deatach ag éirí on talamh, mar dheatach ó fhoirnéis.
Ní leagfar lámh air ach gabhfar de chlocha ann, nó déanfar é a lámhach; ní fhágfar beo é, bíodh sé ina dhuine nó ina ainmhí.’ Nuair a shéidfear dord fada ar an adharc, tagaidís aníos chun an tsléibhe.”
Bhuail scéin is critheagla an pobal go léir leis na toirneacha, agus na tintreacha, agus glór an trumpa, agus deatach an tsléibhe agus sheasadar i bhfad siar.
Nuair a sheasann sé critheann an talamh. Le leagan a shúl croitear na náisiúin. Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit; cromann na beanna bithbhuana síos, a sheanbhealaí riamh anall.
Líonfar an gleann atá idir na cnoic ó Ghóa go dtí Iásól agus druidfear é faoi mar a tharla tar éis an chreatha talún in aimsir Uiziá, rí Iúdá. Tiocfaidh an Tiarna, mo Dhia, ansin agus a chuid naomh go léir in éineacht leis.
Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.
“Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.
agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois.
An uair úd bhain a ghlór croitheadh as an domhan; ach anois tá an gealltanas seo a leanas tugtha aige: “Uair amháin eile bainfidh mé croitheadh ní amháin as an domhan ach as na spéartha chomh maith.”
Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.
Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d'aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n‑aingeal chun críche.
Agus d'oscail sé an poll duibheagáin agus d'éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill.