Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall á rá: ‘Seachnaígí agus ná téigí faoin sliabh suas ná baint lena theorainn; aon neach a bhainfidh leis an sliabh, cuirfear chun báis é.
Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh síos agus bagair ar an bpobal gan briseadh thar teorainn ag teacht chun radharc a fháil ar an Tiarna agus go bhfaigheadh a lán acu bás.”
Agus dúirt Maois leis an Tiarna: “Ní féidir don phobal teacht Sliabh Shíonái aníos óir thug tú féin rabhadh dúinn á rá: ‘Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall agus fógair é a bheith naofa.’ ”
Ná tagadh aon duine aníos leat, agus ná bíodh aon duine le feiceáil in aon áit ar an sliabh; níl sé ceadaithe fiú na tréada ná na táinte a bheith ag iníor os comhair an tsléibhe sin.”
Agus tabhair an t‑ordú seo don phobal: Tá sibh ar tí gabháil trí chríocha bhur mbráithre gaoil, clann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír. Tá eagla orthu romhaibh, ach bígí aireach.
“Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta.
i dtreo go mbeadh a fhios agaibh cén treo ina bhfuil sibh le dul mar nár ghabh sibh an tslí seo riamh cheana. Ach bíodh spás timpeall dhá mhíle banlámh idir sibh féin agus an áirc; ná téigí ina gaire.”