Le breacadh an tríú lá, tharla toirneacha agus splancanna tintrí ar an sliabh, agus scamall tiubh agus dord an-ard trumpa; agus bhí na daoine go léir sa champa ar crith.
Bhí Sliabh Shíonái go léir faoi bhrat deataigh mar thuirling an Tiarna air i riocht tine, agus bhí an deatach ag éirí uaidh mar a dhéanfadh ó fhoirnéis agus chrith an sliabh ar fad go borb.
Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.
Tiocfaidh mé anuas chun labhairt leat ansiúd agus tógfaidh mé cuid den spiorad atá ortsa agus cuirfidh mé orthu siúd é. Iompróidh siad mar sin cuid d'ualach na muintire seo in éineacht leat agus ní bheidh ort é a iompar leat féin amháin a thuilleadh.
Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.
An lá a sheas tú i Horaeb i láthair an Tiarna do Dhia, dúirt an Tiarna liom: ‘Cruinnigh an pobal i mo thimpeall go gcloisfidh a gcluasa mo bhriathra d'fhonn go bhfoghlaimeoidís conas eagla a bheith acu romham gach lá dá gcaithfidh siad ar an saol, agus go múinfidís sin dá gclann.’