Ansin labhair Seacainiá mac Ichíéil de chlann Éalám amach agus dúirt le hEazrá: “Rinneamar feall ar ár nDia agus phósamar mná deoranta de phór dúchasach na tíre; ach dá ainneoin sin, tá dóchas éigin ann d'Iosrael fós.
Ansin d'éirigh Eazrá agus chuir d'iallach ar na príomhshagairt agus ar na Léivítigh agus ar na hIosraelaigh go léir mionn a thabhairt go ndéanfaidís mar a dúradh; thug siad an mionn.
Má dhéanann tú amhlaidh agus go n‑ordaíonn Dia amhlaidh duit, féadfaidh tú cur suas le d'ualach, agus rachaidh na daoine seo go léir abhaile faoi shíocháin.”
Thogh Maois daoine cumasacha as Iosrael ar fad agus chuir i bhfeighil an phobail iad, ina gceannairí mílte, agus céadta, agus leathchéadta agus deichniúr.